Vótáil le haghaidh oibrí sóisialta Inés Heider!

04.02.2025, Lesezeit 5 Min.
1

Tá Inés Heider ag rith le haghaidh toghchán feidearálach – do dhomhan gan teorainneacha, cogadh agus dúshaothrú! Faigh tuilleadh eolais faoinár gclár sóisialach agus frithchaipitilíoch agus bí páirteach ann.

Cé hí Inés?

Is oibrí sóisialta agus múinteoir ardscoile i mBeirlín í Inés Heider (30). Mar sósialaí, troideann sí go gníomhach in aghaidh ciníochas,  homafóibe, agus gnéasachas – dúshláin atá taithí aici leo. Is ball í den cheardchumann múinteoirí GEW agus bhí sí mar urlabhraí don Óige GEW i mBeirlín. Bhí Inés mar eagraí sa troid ar son ranganna níos lú. 

Mar ball don Eagraíocht Réabhlóideach Idirnáisiúnta (RIO) scríobhann Inés don nuachtán ar líne Klasse Gegen Klasse. Mar idirnáisiúnaí, eagraíonn sí dlúthpháirtíocht ceardchumann le muintir na Palaistíne i gcoinne cinedhíothú. Tacaíonn sí freisin le hagóidí ar son na Palaistíne ag an Ollscoil Shaor i mBeirlín, áit a ndéanann sí staidéar ar Léann Mheiriceá Laidineach. 

I samhradh na bliana 2023, cuireadh as a post í toisc gur chuir sí a comhghleacaithe ar an eolas faoi agóidí i gcoinne ciorruithe sósialta. Chabhraigh feachtas dlúthphairtíochta léi a cás a bhuahaint sa chúirt, ag léiriú gur féidir le comhghníomhaíocht difríocht a dhéanamh.

14 Moltaí le haghaidh Rogha Malartach Frithchaipitilíoch agus Shóisialach

1. Is féidir leis na ceannasaí imeacht – fanaimid go fóill! Má tá cuideachtaí ag bagairt dúnadh, caithfidh oibrithe iad a ghlacadh ar láimh.

2. Coisc a chur ar lastais arm! Deireadh le hathchóiriú na Gearmáine. NATO agus an Rúis amach as an Úcráin.

3. Cearta vótáil agus cónaithe do chách! Stróic síos Daingean na hEorpa agus deireadh a chuir le díbeartha.

4. Bris AfD agus a chomhlacht! Cuir cosc ar a gcomhdhálacha páirtí. Féinchosaint i gcoinne na Naitsithe.

5. Deireadh a chuir leis an cinedhíothú! Saoirse don Phalaistín. Lastais arm ar bith go hIosrael.

6. Lámha as ár gcoirp! Déan ginmhilleadh go hiomlán dleathach. Cosain paráidí Bród.

7. Díshealbhaigh na billiúnaí! Úsáid a gcuid billiúin chun seirbhísí sóisialta a mhaoiniú chomh maith le pá agus pinsin a feabhsú.

8. Díshealbhaigh na tiarnaí talún corparáideacha! Níor cheart go mbeadh cíosanna ina bhfoinse brabúis

9. Seachtain oibre ceithre lá do chách! Cuir deireadh le dífhostaíocht agus ganntanas saothair oilte.

10. Cúram sláinte agus oideachas in ionad brábúis! Ní mór don lucht oibre smacht a bheith acu ar gach seirbhís phoiblí. 

11. Iompar poiblí saor in aisce, scairdeitleán príobháideach ar bith! Pleanáil éiceolaíoch chun cosc a chuir ar an tubaiste aeráide. 

12. Dí-armáil na póilíní! Lánscoir an ghníomhaireacht faisnéise baile. Ní féidir linn ach muid féin a chosaint.

13. Ní cheart do pholaiteoirí níos mó ná altraí a thuilleamh. Cur deireadh a chur le pribhléidí na Scothaicme polaitiúla.

14. Ar son rialtas oibrithe! Pleanáil dhaonlathach an eacnamaíocht in ionad dúshaothrú caipitleach.

Dá bhrí sin: Vótáil le haghaidh Inés Heider!

Faigh ár gclár toghcháin iomlán i nGearmáinis anseo.

Vótáil le haghaidh Inés agus bí gníomhach!

Ní féidir 14 mholadh Inés a bhaint amach ach amháin trí fhéineagrú, slógadh agus stailceanna.

Ar mhaith leat a bheith páirteach? Bí linn inár gcoistí feachtais i mBeirlín agus i München. Tá cruinniú eagraithe i mBéarla agus i nGearmáinis, agus tá fáilte roimh chách! Pléigh smaointe, bailigh sínithe, agus eagraigh imeachtaí feachtais. Roinn ár dteachtaireacht ar na meáin shóisialta agus le cairde. Tá gach ranníocaíocht tábhachtach! Déan dteagmháil  linn ag mailto:info@klassegegenklasse.org nó ar Instagram

Tabhair síntiús chun ár bhfeachtas a mhéadú agus teachtaireacht Inés a scaipeadh!

Ar son domhain gan teorainneacha, cogaí, nó saothrú!

Tá Inés ag rith i gceantar 82 – Berlin-Friedrichshain-Kreuzberg / Prenzlauer Berg Ost – mar chuid de chomhaontas toghcháin sóisialach. Tá Leonie Lieb (Munich-West / Mitte) agus Franziska Thomas (Berlin-Tempelhof-Schöneberg) ag rith chomh maith. 

Sheol an Eagraíocht Idirnáisiúntaeach Réabhlóideach (RIO) / Klasse Gegen Klasse agus an Eagraíocht Shóisialach Réabhlóideach (RSO) an tionscnamh seo. Iarraimid ar gach fórsa frithchaipitil agus eite chlé tacú leis an bhfeachtas seo.

Tuilleadh eolas faoin bhfeachtas.

Mehr zum Thema